Permanent

Hybrid

Engineering

Dublin City, County Dublin, Ireland

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Tá muid dírithe ar chúrsaí sábháilteachta, slándála agus iontaofachta. Oibríonn muid i dtimpeallacht dhúshlánach, chomhoibríoch, foirne ina ngluaiseann rudaí go sciobtha. Tá cúltúr ardfheidhmíochta, eolasach agus bunaithe ar fhorbairt leanúnach san fhoireann.  Agus níl ansin ach an tús. Tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.

An Deis
Tá deis spreagúil ar fáil anois mar chuid den Fhoireann Innealtóireachta agus Bainistíochta Sócmhainní (I&BS) do dhuine teicniúil, acmhainneach agus dírithe ar chustaiméirí chun próisis a mhaoirsiú agus a bhainistiú ar mhaithe le tionscnaimh sócmhainní bonneagair tarchuir ardvóltais ar an gcladach a sheachadadh.

Mar Cheann Foirne an tSeachadta Theicniúil, beidh tú freagrach as a chinntiú go bhfuil próisis láidre in áit agus go leantar iad chun ráthú caighdeáin a chur ar fáil do thionscnaimh Tarchuir le linn gach céime den tionscnamh.
Stiúrfaidh tú I&BS trí iniúchtaí d’Innealtóireacht Chliant, ag obair go dlúth le hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha.

Beidh muid ag brath ortsa chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras caighdeáin agus ar an ráthú caighdeáin d’Innealtóirí Cliant a chomhlíonann feidhm innealtóireachta na gcliant don bhonneagar ar an gcladach.

Beifear ag súil go mbeidh saineolas suntasach agat ar theicneolaíocht Ardvóltais, lena n-áirítear Sreang Lasnairde, cáblaí agus fostáisiúin. Beidh d’ionchur fíorthábhachtach le cinntiú go gcuirtear tionscnaimh i gcrích go héifeachtúil agus chun caighdeáin tarchuir agus ar bhealach a chuirfidh ar ár gcumas anseo in Éirinn na spriocanna inbhuanaitheachta do 2030 a bhaint amach. Beifear ag súil go n-oibreoidh tú go dlúth le Ceann Foirne na hInnealtóireachta ar an gCladach, leis an gCeann Foirne Údaráis Theicniúil agus le Ceann Foirne na hInnealtóireachta amach ón gCósta.

An Fhoireann
Tá an Oifig Bhonneagair in EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála. Tógann an Oifig Bhonneagair ceannasaíocht ar fhorbairt agus ar sheachadadh an chórais chumhachta agus na gclár infheistíochta idirnasctha, i gcomhar le páirtithe, le custaiméirí agus le pobail.  

Tá an Fheidhm Innealtóireachta & Bainistíochta Sócmhainní freagrach as ceithre phríomhról; bainistíocht sócmhainní, údarás teicniúil, innealtóireacht ar an gcladach agus innealtóireacht amach ón gcósta.

Tá an Fhoireann Údaráis Theicniúil freagrach as slánchúis na bpróiseas agus as nósanna imeachta Innealtóireachta le cinntiú go seachadtar tionscnaimh I&BS de réir riachtanais TSO EirGrid.


Fút Féin
Beidh na scileanna agus an taithí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:
 
  • Céim san innealtóireacht i réimse ábhartha agus sainoiliúint i mbainistíocht cahaighdeán nó cáilíocht chomhchosúil.
  • Mar is dual, 10 + mbliana de thaithí ábhartha tar éis bhaint amach na cáilíochta.
  • Bainisteoir caighdeán le taithí agus le cur chuige teagmhálach; breathnófar ar thaithí mar (phríomh) iniúchóir mar bhuntáiste.
  • Eolas maith teicniúil ar dhearadh tarchuir ardvóltais le mioneolas ar an teicneolaíocht tarchuir (cáblaí ardvóltais, fostáisiúin, agus Sreang Lasnairde), lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá nua agus ag teacht chun cinn.
  • Eolas domhain ar ISO 9001.
  • Sárscileanna cumarsáide le béim ar scríobh tuairiscí ar ardchaighdeán agus in ann cumarsáid shoiléir agus éifeachtach a dhéanamh faoi úla.
  • In ann daoine eile a threorú agus a mhealladh i dtreo comhfhíse nó comhsprice agus in ann comhoibriú le daoine eile agus tríothu.
  • Taithí chruthaithe ar fhoirne ardfheidhmiúla a stiúradh, agus in ann daoine eile a spreagadh chun spriocanna gnó a bhaint amach.
  • Tuiscint láidir ar riachtanais páirtithe leasmhara agus earnála don chóras tarchuir agus d’fhorbairtí gaolmhara.
  • In ann cóitseáil agus meantóireacht a dhéanamh ar an bhfoireann chun seirbhís innealtóireachta d’ardchaighdeán a sholáthar.




We are the people behind Ireland’s electricity grid. Our focus is on safety, security, and reliability. Our work environment is challenging, fast-moving, collaborative and team orientated. Our culture is driven by performance, knowledge, and continual development.  And that’s just the beginning of our story. We are now transforming the power system for future generations.

The Opportunity
The Engineering and Asset Management (E&AM) Team now have an exciting opportunity for a  customer focussed, technical and resilient individual to oversee and manage processes for the delivery of high-voltage onshore transmission infrastructure asset projects.
As the Technical Delivery Lead you will be responsible for ensuring robust processes are in place and adhered to provide quality assurance for Transmission projects through all project phases.
You will Lead E&AM through audits for Client Engineering, working closely with internal and external auditors.

We will look to you to provide oversight of the quality system and quality control to Client Engineers who carry out the client engineering function for onshore infrastructure.

You will be expected to have significant expertise in High Voltage technology, including OHL, cables and substations. Your input will be crucial in ensuring that projects are expedited and delivered to transmission standard and in doing so enabling Ireland to meet its 2030 renewable targets. You will be expected to work closely with the Onshore Engineer Team Lead, Technical Authority lead and Offshore Engineer Team Lead.



The Team
The Infrastructure office within EirGrid comprises highly skilled professionals with backgrounds in engineering and business/commerce. The Infrastructure Office is responsible for leading the development and delivery of the power system and interconnection investment programmes, in collaboration with partners, customers & communities.  

The Engineering & Asset Management Function is responsible for undertaking four key roles; asset management, technical authority, onshore engineering and offshore engineering.

The Technical Authortiy team are responsible for managing the integrity of processes and Engineering procedures to ensure E&AM deliver projects according to EirGrid TSO requirements.


About you
The successful candidate will have the following skills & experience:
 
  • Engineering degree in a relevant area and have specialized training in Quality management or equivalent qualification.
  • Typically, 10 + years relevant post-qualification experience.
  • Experienced and hands-on quality manager; experienced (lead) auditor is a plus.
  • Good technical knowledge in high voltage transmission design with strong knowledge of transmission technology (HV cables, substations, and OHL) including new and emerging technologies.
  • Deep knowledge of ISO 9001.
  • Excellent communication skills with an emphasis on high quality report writing and ability to communicate technical issues clearly and effectively.
  • Ability to lead and influence others to move towards a common vision or goal and to work collaboratively with and through others.
  • Demonstrable experience leading high performing teams, with an ability to persuade and motivate others in achieving business objectives.
  • Strong understanding of the requirements of stakeholders and industry for the transmission system and associated developments.
  • Ability to coach and mentor staff to provide high quality engineering service.


Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid


Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.



Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications:
01/10/2024

Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer